Céim in Airde: An Cumann

Péigà Rose: An Cumann
Pléann Dónal Ó Néill agus Padaà de Bléine ‘An Cumann’ le Péigà Rose
Teideal
• Tá imeartas focal i gceist leis an teideal; an cumann sa spórt agus an cumann idir fear is bean
• Cé go bhfuil an focal san uimhir uatha tá dhá chumann i gceist
• Teideal gonta gairid is ea é agus is saol gairid é saol an imreora spóirt – agus is saol gairid sé saol an ghrá éagmaisigh fosta
Téarmaí
• an ghlóir – an onóir
• an bachall – maide an easpaig
• ag gúirtheach – ag scairteadh
• in ard a réime – i mbarr a mhaitheasa
• ag timireacht – ag déanamh obair tí
• go cluthair – go seascair
• a folt dubh – a cuid gruaige dubh
• tá tú a dhíobháil orainn – tá tú de dhíth orainn
• shílfeá nach leáfadh im ina béal – shílfeá nach ndéarfadh sí drochrud ar bith
• straiméad – buille trom
• cáidheach – an-salach ar fad
• na mionnaí móra – an droch-chaint – na heascainí
• giosán – stoca
• gabh go Paiteaga – imigh leat
• cha bhíonn – ní bheidh
• chuirfí ar chrannaibh é – bheadh crannchur ann
• ag míogarnaigh – ag titim ina codladh
• an fealltachas – an gníomh fill
• cuireadh cor coise air – baineadh tuisle as
• smitín – buille
• scaoi – scaoth
• anfhorlann – lámh láidir
• tuairgnín – buailtín
Téamaí
• Cumann Lúthchleas Gael agus an laochas sa spórt
• an difear idir Páirc an Chrócaigh agus páirceanna beaga eile
• deacracht an dá thrá a fhreastal – spórt agus dualgais teaghlaigh
• an cumann idir fear is bean
• caint gháirsiúil agus cultúr na bhfear
• an t-athrú a thagann ar imreoir spóirt
Teachtaireachtaí
• go ndéanann daoine íobairt mhór ar son an spóirt
• go bhfuil athrú ag teacht ar chuspóirí an Chumainn
• saol an ghrá agus deacracht na dílseachta
Téagar
• tionchar an ghrúpa ar an duine aonair
• an dátheangachas sa Ghaeltacht
• foréigean sa spórt
• an t-aclól agus an spórt
• an easpa measa ar na mná
• na mná agus an spórt sa lá atá inniu ann