An FhÃrinne Lom

Díríonn an mhionsraith bheochana trí chuid seo ar an ghnéasoideachas, agus pléann le téamaí amhail an toiliú, teorainneacha a leagan síos, agus pictiúir a roinnt ar líne - uilig pléite trí chaidreamh na ndéagóirí, Oisín agus Éilís.
°Õ´Ç¾±±ô¾±Ãº
Pléann An Chéad Phóg le cúrsaí toilithe. Is léir go bhfuil Éilís ar bís nuair a chéad phógann an bheirt, ach luathaíonn cúrsaí go gasta…

01 An Chéad Phóg
Tús an chaidrimh idir OisÃn agus ÉilÃs agus céad phóg s’acu
Grianghraif agus Teorainneacha
Is ar teoireannacha a leagan síos agus grianghraif a roinnt ar líne a dhíríonn An Pictiúr. Tá drithlíní áthais ar Oisín nuair a sheolann Éilís grianghraif di féin chuige. Iarrann sé a thuilleadh uirthi...

02 An Pictiúr
Iarrann OisÃn pictiúr ar leith ar ÉilÃs
Sceitheadh ar LÃne
Tá Éilís in ísle brí agus an pictiúr a sheol sí go hOisín roinnte fud fad na scoile…

03 Sceitheadh an Phictiúir
Scaiptear an pictiúr d’ÉilÃs agus tá sé feicthe ag achan uile dhuine sa scoil
-
ÃÛÑ¿´«Ã½ Action Line
Má chuireann cuid ar bith den ábhar seo isteach ort tabhair cuairt ar ÃÛÑ¿´«Ã½ Action Line
Léirigh Waddell Media an mhionsraith seo do ÃÛÑ¿´«Ã½ Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.