Main content

Céim in Airde: Caoineadh

Cathal Ó Searcaigh: Caoineadh

Caoineadh ar mheath na Gaeilge

Teideal

• Leiríonn an teideal an mothuchán is laidre atá fud fad an dáin seo – Caoineadh.
• Tá an file ag streacailt agus tá a chroí briste mar gheall ar mheath na Gaeilge.

Téamaí

• An teanga Gaeilge/ tabhacht na teanga/todhchaí na Gaeilge
• An saol Gaelach ag fáil bháis
• Seandóigheanna ag fáil bháis

Tearmaí

• Meafar – is meafar iomlán é an dán seo. Tagraíonn an file d’eachtra a tharla le linn a óige le stáid na teanga Gaeilge a chur in iúl dúinn.
“Na héanacha creiche” - cé hiad?
A Mháthair féin agus a mháthair mar mheafar don Ghaeilge

• Rithim/Struchtúr - Níl ach dhá véarsa sa dán agus níl ghnáthstructúr filíochta ar na véarsaí seo. Tá an dá véarsa iontach fada agus línte fada iontu
• B’fhéidir go ndéarna an file seo leis an easpa dóchais atá aige a léiriú dúinn- tá sé go hiomlán trína chéile agus mar sin de, ní thig leis fiú gnáthstruchtúr a chur ar a chuid filíochta

Teachtaireacht

• Tá dhá chuid sa dán seo. Baineann an chéad véarsa le bás peata de sheanchaora agus baineann an dara véarsa le bás na Gaeilge.
• Tá an chéad véarsa iontach brónach - feicimid an file faoi ghruaim ag cur síos ar bhás peata de sheanchaora – Mollie. Déanann sé féin agus a mháthair a ndícheall cuidiú leis an pheata ach ní éiríonn leo. Cuireann seo isteach go mór ar an fhile ach tá a mháthair ann le cuidiú leis agus le tacú leis.
• Sa dara véarsa, labhraíonn an file ar an dóigh chéanna faoina theanga ag fáil bháis ach níl a mháthair ann le faoiseamh nó tacaíocht a thabhairt dó a thuilleadh.

Téagar

• Fearg - Mothaíonn an file gur cuma le daoine faoi mheath na Gaeilge, níl duine ar bith ag troid ina éadán
• Brón
• Easpa Dóchais - is file é a scríobhann as Gaeilge, cuireann meath na teanga isteach air míle uair níos mó ná an gnáthduine - “Ansacht na bhfilí- teangaidh ár n-aithreacha". An mhothaíonn O’Searcaigh go bhfuil freagracht ar leith air mar fhile an cheantair?
• Frustrachas – Níl an teanga láidir go leor “Ó dá ligfeadh sí liú amháin gaile”
• Cuidíonn an chéad véarsa leis an léitheoir na mothúcháin atá ag an fhile faoi bhás na Gaeilge a thuiscint mar tuigeann gach duine na mothúcháin a bhíonn ort nuair a chailleann tú peata agus tú óg. Cuidíonn an meafar sa chéad véarsa linn an dán a thuiscint.