Céim in Airde: An Beo

Liam Ó Flaithearta: An Beo
‘Rotha mór an tsaoil’ agus ‘ciorcal na beatha’ .
Teideal
• Léiríonn sé tábhacht na beatha agus an bheo féin
• Gonta gairid dála na beatha
• Tá céimeanna éagsúla an bheo le feiceáil
• Tosaíonn sé leis an bheo agus críochnaíonn sé leis an bhás
• Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh
• Luaite ceithre huaire sa scéal – cosúil le fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, fiche bliain ag meath agus fiche bliain ag fáil bháis
Téarmaí
• Cloíte – spíonta / iontach tuirseach
• I leaba an chinn dheireanaigh – in áit an duine dheireanaigh
• Spreacadh – fuinneamh
• Bail ó Dhia air – Beannacht Dé air
• Croitheadh an tsacáin – dríodar an chrúiscín / an leanbh deireanach den chlann
• Cé is moite den chéad am – seachas an chéad uair
• Ag iarraidh cabhrach – ar lorg cuidithe
• Nocht sé a cheann – bhain sé a hata de
• Tháinig ceangal ina scornach – mhothaigh sí tochtach / mhothaigh sí cnapán i mbéal a goile
• Go dúthrachtach – go dícheallach
• Ag beannú do mhaidneachan – ag cur fáilte roimh an lá
• Ag soláthar a mbeatha – ag tabhairt a mbeatha i dtír
• Thosaigh sé ag cur dhe – thosaigh sé a éirí tógtha
• Ciomach – ceamach / spadánta
• Conablach – a raibh fágtha dá chorp
• Dallta ar meisce – caoch ólta
• Ná bí ag cur múisiam ar na daoine – ná bí ag cur isteach ar na daoine
• An mhuirín – an chlann
• Ní fearacht sin dó – níl sé sin mar an gcéanna dó
• Ina smíste – ina chnapán
• Bhí sé ag tuilleamaí orthu – bhí sé ag brath orthu
• A rud brocach – a dhuine salach
• Scaití – uaireanta
• Ghoil sí – chaoin sí
• Glothar an bháis – an anáil dheireanach sula bhfaigheann duine bás
Téamaí
• Breith agus bás, saol an duine agus timthriall na beatha
• Ní fhanann an mhuir le fear sotail
• Imfhios agus instinn na máthar
• Creideamh láidir i nDia
• Clanna móra fadó agus na dúshláin rompu
• Dearcadh an athar an t-am sin
• Stádas na mban an t-am sin
• Gliondar an ghrá do leanbh úr
• Dearcadh na ndaoine ar na seandaoine
• Instinn mharthanais
• An imirce agus cúrsaí sláinte
• Nádúr an duine agus nádúr an tsaoil
Teachtaireachtaí
• Meas ar mhórobair na breithe – an obair mhór a dhéanann máthair ag tabhairt leanaí ar an saol
• Instinn na beatha sa duine
• Teaghlach sínte agus an tábhacht leis
• Go dtagann tús agus deireadh le gach rud ar an saol
• Go bhfuil an fhuil te
• Tá chuile rud níos buaine ná an duine
• Is gairid an t-aistear is faide ón mbroinn go dtí an fód
• An difear agus na cosúlachtaí idir óg agus aosta
• Scéal truacánta an mheabhairghalair
• Saol na madaí allta
• Traidisiún an chaointe
Téagar
• Scéal uilíoch ar thuras an tsaoil
• Léargas ar cé chomh gairid is atá saol an duine
• Dúshláin an duine roimh an saol
• An difear idir saol na bhfear agus saol na mban
• Ó leanbh go duine fásta go leanbh