Main content

Athruithe le teacht maidir le héisteacht le fuaim ar an ÃÛÑ¿´«Ã½ taobh amuigh den RA.

Athruithe le teacht maidir le héisteacht le fuaim ar an ÃÛÑ¿´«Ã½ taobh amuigh den RA.


Níos luaithe i mbliana, sheol ÃÛÑ¿´«Ã½ Studios seirbhís nua fuaime taobh amuigh den RA ar ÃÛÑ¿´«Ã½.com agus ar aip an ÃÛÑ¿´«Ã½. San áireamh leis sin, tá ÃÛÑ¿´«Ã½ Radio 4, ÃÛÑ¿´«Ã½ World Service English agus teacht ar na mílte uaireanta an chloig de phodchraoltaí.


Mar chuid den fhógra, dúirt muid go raibh sé beartaithe againn ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds a dhruidim do lucht éisteachta taobh amuigh den RA. Is féidir linn a dheimhniú anois go ndruidfear ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds d’éisteoirí atá lonnaithe taobh amuigh den RA ar an 21 Iúil 2025.


An féidir liom éisteacht le raidió beo ón ÃÛÑ¿´«Ã½ go fóill má tá mé lonnaithe taobh amuigh den RA?

Is féidir. Leanfaidh ár gcuid stáisiún raidió de bheith ar fáil do dhaoine taobh amuigh den RA le bheith ag éisteacht beo i ndiaidh dhruidim ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds taobh amuigh den RA. Má tá tú i do chónaí thar sáile, is féidir go n-athródh an dóigh a bhfaigheann tú stáisiúin raidió beo.

Féach, le do thoil, eolaire na stáisiún (atá ar fáil i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh), áit a bhfuil teacht ar naisc le bheith ag éisteacht le stáisiúin raidió an ÃÛÑ¿´«Ã½ ar fud fad an RA. San áireamh leis sin, tá stáisiúin cheoil an ÃÛÑ¿´«Ã½ - ÃÛÑ¿´«Ã½ Radio 1, Radio 2 agus Radio 3, 6Music, 1Xtra agus Asian Network, Radio 4Xtra agus 5Live, gach stáisiún de chuid an ÃÛÑ¿´«Ã½ ó náisiúin an RA agus gach stáisiún áitiúil i Sasana. Tá ÃÛÑ¿´«Ã½ Radio 4 agus ÃÛÑ¿´«Ã½ World Service English ar fáil ar ÃÛÑ¿´«Ã½.com cheana agus leanfaidh sé sin de bheith amhlaidh.


Ní bheidh tionchar ag an athrú seo ar a bheith ag éisteacht le cláir fuaime an ÃÛÑ¿´«Ã½ ar ardáin nach ardáin de chuid an ÃÛÑ¿´«Ã½ iad.


An féidir liom éisteacht le ÃÛÑ¿´«Ã½ Podcasts go fóill?


Is féidir. Tá réimse podchraoltaí i mBéarla, i mBreatnais agus i nGaeilge ar fáil ar ÃÛÑ¿´«Ã½.com/audio chomh maith le seirbhísí podchraoltaí tríú páirtí.


Tá mé i mo chónaí san RA, an féidir liom an aip Sounds a úsáid ar saoire thar sáile?


Is féidir. Beidh duine ar bith atá ina gcónaí san RA go fóill in ann an aip ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds a úsáid nuair a théann siad ar saoire thar sáile ar feadh míosa nó mar sin. Tabhair cuairt ar Can I use ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds when I travel outside the UK? i mbosca na nasc.


Cén fáth a bhfuil an ÃÛÑ¿´«Ã½ ag cur an athraithe seo i bhfeidhm?

Is fochomhlacht tráchtála de chuid an ÃÛÑ¿´«Ã½ é ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds, agus díríonn sé ar an iriseoireacht agus scéalaíocht dhílis den scoth s’againn a chur ar fáil do lucht éisteachta idirnáisiúnta. Níos luaithe i mbliana, sheol ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds rannóg úr fuaime ar ÃÛÑ¿´«Ã½.com agus ar aip an ÃÛÑ¿´«Ã½ (seirbhís tráchtála) taobh amuigh den RA.

Tugtar an t-ioncam a thagann isteach trí na seirbhísí seo ar ais don ÃÛÑ¿´«Ã½ le tacú lena chuspóir poiblí sa RA.

Mar chuid den fhógra seo, dúirt muid go ndruidfeadh muid ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds taobh amuigh den RA – agus é a fhágáil ar fáil d’éisteoirí san RA amháin.


An féidir liom éisteacht le ÃÛÑ¿´«Ã½ Proms taobh amuigh den RA go fóill?

Is féidir. Daoine atá ina gcónaí taobh amuigh den RA, is féidir leo éisteacht go fóill leis na Proms agus iad ar saoire thar sáile ar an aip ÃÛÑ¿´«Ã½ Sounds.
Agus is féidir le héisteoirí taobh amuigh den RA a bheith ag éisteacht leis na Proms beo áit ar bith ar domhan ach an nasc chuig ÃÛÑ¿´«Ã½ Radio 3 a úsáid san eolaire ar ÃÛÑ¿´«Ã½.com.


Níl tionchar ag an athrú seo ar ábhar ar bith ar ardáin mhalartacha.


Tuilleadh eolais agus Tacaíocht d’éisteoirí idirnáisiúnta

Le tuilleadh a fháil amach faoi theacht ar raidió agus ar phodchraoltaí an ÃÛÑ¿´«Ã½ taobh amuigh den RA, nó má tá tú ag cuardach tacaíochta, lean an nasc chuig ÃÛÑ¿´«Ã½ Audio FAQs i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh.

Tá leagan Béarla den alt seo ar fáil i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh.