Main content

Ceol sa Chroí: Caoimhín

Caoimhe Ní Chathail i mbun comhrá le Caoimhín. Caoimhe Ní Chathail meets Caoimhín.

Is ceoltóir, cumadóir, amhránaí agus léiritheoir as Cois Bá i dtuaisceart Chontae Átha Cliath é Caoimhín Mac Uaid, a eisíonn ceol faoin ainm ardáin, Caoimhín. Sáite sa traidisiún Gaelach ó bhí sé ina ghasúr óg, is ceoltóir ildánach agus iluirlise é Caoimhín atá tar éis a oidhreacht thraidisiúnta a nascadh go healaíonta agus go sciliúil le teicneolaíocht nua-aimseartha, agus a fhuaim uathúil féin a chruthú. Labhraíonn sé le Caoimhe faoina scéal ceoil go dtí seo - ó na luathlaethanta ag foghlaim na feadóige stáin agus uirlisí traidisiúnta eile go dtí na déaga sa tseomra leapa le giotár, ar aghaidh go dtí an lá inniu agus a chéad albam, Ríocht na Sí, eisithe le déanaí aige. Insíonn sé dúinn faoin eispéireas beo mar a chuireann sé a lucht éisteachta faoi gheasa ó Bhéal Feirste go Londain go Sydney na hAstráile.

From Bayside in north County Dublin, Caoimhín Mac Uaid is a musician, composer, singer and producer who releases music under his stage name, Caoimhín. Immersed in traditional music from a young age, Caoimhín is a multitalented multi-instrumentalist who has skilfully fused the tradition with contemporary technology to create his own unique sound. He chats to Caoimhe about his own musical story to date, from the early days learning tin whistle and other traditional instruments, to his teens in his bedroom with a guitar, up to the present day, his recently released debut album, and the magical live experience with audiences from Belfast to London to Sydney in Australia.

10 uair an chloig fágtha leis an chlár seo a sheinm

30 nóiméad

An craoladh is déanaí

Déar 21 Lún 2025 19:30

Craoladh

  • Déar 21 Lún 2025 19:30