
Marcas & Róise 28/08/25
Marcas Ó Murchú agus Róise Ní Mhurchú, athair agus iníon le ceol ó ghlúin go glúin s’acu.
Cuireann Marcas Ó Murchú, fliútadóir, iarmhúinteoir, iarchraoltóir ar Raidió Uladh agus athair le Róise Ní Mhurchú, amhránaí, fidléir agus seinnteoir feadóige stáin, ceol a chuaigh i bhfeidhm orthu beirt go pearsanta agus ar phobal s’acu thar na glúnta inár láthair agus ѿý Raidió Uladh ag ceiliúrach caoga bliain ar an fhód.
Díríonn Marcas agus Róise sa chlár deireanach seo ar cheoltóirí a bhfuil, nó a raibh baint acu, leis an Oireachtas.
Cuimhníonn Marcas ar laethanta a óige ag déanamh cairdis le ceoltóirí a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht, go díreach mar atá Róise ag déanamh anois! Cluineann muid scéal iontach faoi eachtraíocht athair Mharcais, Alf Ó Murchú, seanathair Róise, nuair a landáil sé féin agus comhluadar Feirsteach Chluain Árd i mBÁC don Oireachtas i 1961 agus faoin dóigh ar bhain sé bonn óir d’amhrán a chas sé i gcomórtas do mhuintir na Gaeltachta mar gur shíl siad gur cainteoir dúchais a bhí ann!
Marcas Ó Murchú, flute player, former teacher and former broadcaster on ѿý Radio Ulster and father to singer, fiddler and whistle player, Róise Ní Mhurchú, bring us music which influenced them both personally and their musical community across the generations, as ѿý Radio Ulster celebrates fifty years on air. They focus their final episode on musicians who had or who have a connection with Oireachtas na Gaeilge.
Marcas remembers his youth, how he befriended other musicians from the Gaeltacht and often taught around the various Gaeltachtaí, a tradition that Róise is keeping up!
We hear a wonderful family story from Marcas about how his father, Alf Ó Murchú, Róise’s grandfather, unintentionally passed himself off as a native Irish speaker from the Gaeltacht and in the process brought back a winning gold medal to Belfast for one of his songs at the 1961 Oireachtas.
Last on
More episodes
Previous
Broadcast
- Thu 28 Aug 2025 20:04ѿý Radio Ulster & ѿý Radio Foyle