Episode details

Available for 29 days
Ó aithint cainte go samhlacha teanga móra, tá an teicneolaíocht faisnéise ag bogadh ar aghaidh ar luas lasrach, ach cad é an dul chun cinn atá déanta sa teic úr ó thaobh na Gaeilge de? Déanann muid iarracht teacht ar fhreagra na ceiste sin i gclár speisialta taifeadta ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste, curtha i láthair ag Dáithí Ó Muirí le tuairisciú sa bhreis ó Phroinsias Ó Coinn. Cluineann muid ó Ailbhe Ní Chasaide, comhstiúrthóir abair.ie ag Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, agus ón mhac léinn dochtúireachta Liam Lonergan, faoin uirlis nua Fotheidil le tras-scríbhinní Gaeilge a ghiniúint. Agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, tá Úna Bhreathnach agus Andrea Palandri ón ghrúpa taighde Gaois, atá mar chuid de Fiontar/Scoil na Gaeilge, linn le hinsint dúinn faoin fhorbairt leanúnach atá ar bun acu ar go leor acmhainní éagsúla Gaeilge ar líne. Cluineann muid focal fosta ó Ghearóidín Ní Laighléis, Ceann Scoile le Fiontar/Scoil na Gaeilge. From speech recognition to large language models, information technology is developing at a ferocious rate, but what progress is being made in new tech from an Irish language perspective? We attempt to answer that question in a special programme recorded at the Oireachtas na Samhna 2025 festival in Belfast, presented by Dáithí Ó Muirí with additional reporting by Proinsias Ó Coinn. We hear from Ailbhe Ní Chasaide, co-director of abair.ie at Trinity College Dublin, and from TCD PhD student Liam Lonergan, about the new Fotheidil tool to generate transcriptions in Irish. And Úna Bhreathnach and Andrea Palandri from the Gaois research group at DCU, which is part of Fiontar/Scoil na Gaeilge, join us to describe the many and varied online Irish language resources they are working on.
Programme Website