ѿý

Use ѿý.com or the new ѿý App to listen to ѿý podcasts, Radio 4 and the World Service outside the UK.

Episode details

Radio Ulster,9 mins

Pádráig Ó Mianáin

Blas

Available for over a year

Labhraíonn an Dr Padraig Ó Mianáin le Máire Bhreathnach faoin fhoclóir nua Béarla-Gaeilge a sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn sa Ghailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath le deanaí. Is é seo an chéad fhoclóir náisiúnta Béarla-Gaeilge ó foilsíodh de Bhaldraithe in 1959 agus tá sé ar cheann de na tionscadail is mó riamh ag Foras na Gaeilge. Is iarchéimí de chuid Ollscoil Uladh é Pádraig, áit a raibh sé ina léachtóir le Gaeilge fosta. D’oibrigh sé mar aistritheoir leis an Chomhairle Churaclaim, Scrúdúcháin agus Mheasúnaithe i dTuaisceart Éireann agus bhí sé ina eagarthóir agus ina bhainisteoir san Áisaonad, i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Bhí sé fosta mar bhall d’fhoireann eagarthóireachta an Collins Gem Irish Dictionary agus an Collins Pocket Irish Dictionary agus tá sé ina bhall den Choiste Téarmaíochta.

Programme Website
More episodes