ѿý

Use ѿý.com or the new ѿý App to listen to ѿý podcasts, Radio 4 and the World Service outside the UK.

Episode details

Radio Ulster,4 mins

Éamonn Ó Catháin

Blas

Available for over a year

Oideas blasta le hÉamonn Ó Catháin. A tasty recipe from Éamonn Ó Catháin. Mionbhruar úll is monóg Na Comhábhair 4 úll (thart ar 800g) 80g de mhonóga (úra nó reoite) (nó de chaora gorma) Cnapán mór ime Meascán 4 spíosra (nó “4-spice mix” ar fáil go forleathan) 100g de phlúr bán 100g de chnapáin bheaga ime agus iad breá fuar 80g de shiúcra Demerara (ar a dtugtar “Cassonade” fosta) 80g d’almóinní meilte Calóga coirce (le h-aghaidh bracháin) Cur-le-chéile Bain an craiceann de na húlla agus dísligh iad. Cuir an cnapán mór ime sa phota chomh maith leis na húlla, rud beag uisce agus an meascán spíosraí. Tiontaigh é seo go maith agus fág ar bogfhiuchadh ar feadh deich mbomaite. Tóg babhla mór agus déan an mionbhruar leis an phlúr agus leis an im fhuar agus é ina gcearnóga beaga. Measc é seo go mbí crot air mar a bheadh gráinníní gainimh ann. Cuir leis seo an siúcra demerara agus na halmóinní meilte. Ag an phointe seo, las an t-oigheann agus cuir é ag dul ag 200 céim. Faigh mias oighinn den chineál “gratin” agus istigh ansin, cuir an meascán úll is monóg agus an mionbhruar féin ar a mhullach sin. Isteach leis san oigheann ar feadh 20 bomaite nó go mbí dath breá donn ar an mhionbhruar.

Programme Website
More episodes